Na Toghcháin Eorpacha 2024

Éasca le léamh

  • Léarscáil leis na 27 dtír uile san Aontas Eorpach

    Cad iad na toghcháin Eorpacha?

    Sna toghcháin Eorpacha,

    tugann daoine san Aontas Eorpach vóta d’fheisirí

    chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i bParlaimint na hEorpa.

    Tugtar AE ar an Aontas Eorpach freisin.

    Tarlaíonn toghcháin sna 27 dtír uile san Aontas Eorpach.

  • Féilire leis an téacs ‘5 bliana’ agus saighead i bhfoirm ciorcail in aice leis

    Cé chomh minic is a tharlaíonn toghcháin Eorpacha?

    Bíonn toghcháin Eorpacha ann gach 5 bliana.

    Bhí na toghcháin dheireanacha ann i mí Bealtaine 2019.

  • Féilire leis an téacs ‘6-9 Meitheamh, toghcháin Eorpacha 2024’

    Cén uair a bheidh na chéad toghcháin eile ar siúl?

    Beidh na chéad toghcháin eile ar siúl ón 6 go dtí 9 Meitheamh 2024.

    Bíonn na toghcháin ar siúl ar laethanta difriúla i dtíortha an Aontais.

    Mar shampla,

    is ar Dhéardaoin a bhíonn toghcháin ar siúl san Ísiltír,

    agus is ar Dhomhnach a bhíonn siad ar siúl sa Fhrainc.

  • Ballóid ag dul isteach i mbosca ballóide leis an téacs ‘Vótáil’

    Cén tábhacht atá le vóta a chaitheamh?

    Nuair a chaitheann tú vóta,

    roghnaíonn tú na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

    Déanann na Feisirí sin cinntí

    a mbíonn tionchar acu ar do shaol laethúil.

    Mar shampla,

    bíonn tionchar ag na cinntí sin ar phoist,

    cúram sláinte agus an comhshaol.

    Tá tábhacht le do vóta.

    Má chaitheann tú vóta, tugann tú do thuairim.

  • Léaráid de bhean ag labhairt os comhair lucht féachana

    Cad iad na rialacha a bhaineann leis na toghcháin?

    Más mian leat vóta a chaitheamh,

    b’fhéidir go mbeadh ort clárú.

    Ní féidir leat ach vóta amháin a chaitheamh i ngach toghchán.

    Is féidir leat vóta a chaitheamh más saoránach den Aontas thú.

    Is saoránach den Aontas thú más náisiúnach de thír AE thú.

    Is féidir leat vóta a chaitheamh sna toghcháin sa tír AE ar saoránach dá cuid thú.

    Má tá tú i do chónaí i dtír AE eile, is féidir leat vóta a chaitheamh ansin.

    Ní féidir leat a bheith i d’iarrthóir ach i dtír AE amháin.

    D’fhéadfadh sé sin a bheith sa tír AE ar saoránach dá cuid thú.

    Nó, má tá tú i do chónaí i dtír AE eile,

    is féidir leat a bheith i d’iarrthóir ansin.

  • Nasc leis an téacs ‘Cén chaoi le vóta a chaitheamh’

    Cá bhfaighidh mé eolas faoi cén chaoi le vóta a chaitheamh?

  • Nasc leis an téacs ‘Torthaí’

    Cá bhfaighidh mé eolas faoi thorthaí na dtoghchán?

  • Trí léaráid: bonn le siombail an euro, doiciméad leis an téacs ‘Dlí’, agus fear ag labhairt os comhair lucht féachana

    Cad a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa?

    Tugtar FPEnna nó Feisirí ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa freisin.

    Déanann na Feisirí ionadaíocht ar an 450 milliún duine atá ina gcónaí in AE.

    Féachann na Feisirí ar phleananna do dhlíthe AE nua.

    Déanann Feisirí athrú ar dhlíthe freisin chun iad a fheabhsú.

    Déanann na Feisirí agus Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh faoi bhuiséad an Aontais.

    Coinníonn na Feisirí súil ar an gcaoi a bhfuil an tAontas ag obair.

    Caitheann na Feisirí vóta ar chomhaontuithe trádála le tíortha taobh amuigh den Aontas.

    Toghann na Feisirí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

  • Triúr daoine (beirt bhan agus fear) agus an téacs ‘720 Feisire’

    Cé mhéad Feisire a thoghfar?

    In 2024, toghfar 720 Feisire.

    Déantar cinneadh faoi líon na bhFeisirí roimh gach toghchán.

    Ní féidir le líon iomlán na bhFeisirí, móide an t-uachtarán, a bheith níos mó ná 750.

    Tá 705 Fheisire ann faoi láthair.

    Is féidir le gach tír AE 6 Fheisire ar a laghad agus 96 Fheisire ar a mhéad a bheith aici.

  • Léaráid de leathchiorcal le codanna i ndathanna éagsúla. Léiríonn na codanna na Feisirí, roinnte de réir grúpaí polaitiúla éagsúla, sa seomra vótála in Strasbourg

    Cad a tharlaíonn tar éis na dtoghchán?

    Cruthaíonn na Feisirí tofa grúpaí polaitiúla le chéile.

    Bíonn Feisirí ó thíortha agus páirtithe polaitiúla éagsúla sna grúpaí sin.

    Bíonn spriocanna coiteanna ag na grúpaí.

    Toghann na Feisirí Uachtarán na Parlaiminte.

    Toghann na Feisirí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh freisin.

Faigh tuilleadh eolais ar leathanach baile na dtoghchán Eorpach.